Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Stair na Scoile

18-Meitheamh-18
Stair na Scoile

I 1922 bunaíodh Saorstát Éireann agus rialtas Éireannach i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath den chéad uair. Thosaigh an córas oideachais ag athrú. Ag leibhéal iarbhunscoile is beag deiseanna oideachais a bhí ann do dhaoine sa gceantar suas go dtí na 1930í nuair a bunaíodh Gairmscoil ar an gCeathrú Rua. Bhí an Ghairmscoil sin san áit ina bhfuil Áras Mháirtín Uí Cadhain anois agus an ról a bhí acu ná an aosóg a réiteach do shaol na hoibre (anseo agus thar sáile), go háirithe obair láimhe. B`í Bríd Ní Loideáin as Seanmhóinín sa Spidéal an chéad phríomhoide a bhí ag an scoil sin. Dhá scór scoláire a bhíodh sa scoil i rith an lae ach cuireadh ranganna oíche ar bun inti freisin. In 1942 ceapadh Piaras Ó Conaire, a fear céile, ina phríomhoide ar an scoil.

Chomh maith leis an nGairmscoil bunaíodh meánscoil ar an mbaile in 1959. Bhunaigh mná rialta Ord na Toirbhirte í sin. Bhí sé sin thíos san áit ina bhfuil an tAcadamh sa lá atá inniu ann. Triúr de na mná rialta a tháinig go dtí an Cheathrú Rua i dtús ama: An tSr. Rita Ní Thuathail, An tSr. Mícheál Ní Shamhráin agus an tSr. Muireadach Ní Fhathaigh. Is naoi gcailín déag agus seacht mbuachaill déag a bhí sa scoil sin. Coláiste Nanó Nógla a baistíodh uirthi. Tuigeadh go mba iontach an dul chun cinn don áit agus do mhuintir na háite a bhí sna hionaid oideachais nua sin. Bhí an-mheas ar an dá scoil sa bpobal.

Is sa mbliain 1966 a d’oscail Scoil Chuimsitheach Chiaráin a doirse don chéad uair. Ní bhfuair muintir na háite leide go raibh an dá scoil ar an gCeathrú Rua le comhnascadh sa Scoil Chuimsitheach nua go dtí thart ar bhliain roimhe. Os cionn trí chéad scoláire a bhí sa scoil ón tús. Bhí an scoil chuimsitheach seo ar cheann den chéad trí scoileanna cuimsitheacha sa tír.

Roghnaíodh an Cheathrú Rua mar gheall ar an daonra a bhí san áit agus an daonra ard a bhí i bhfoisceacht deich míle den áit. Nuair a díríodh ar an gCeathrú Rua piocadh suíomh ar Bhóthar an Chillín, ceantar nach raibh leath an daonra ann an t-am sin agus atá anois. B`éigean an talamh a cheannacht ansin. Dhá theach a leagadh le spás a dhéanamh don scoil. Bhí an dá theach ar cíos ag na mná rialta. Is i dTír an Fhia a chríochnaigh na mná rialta ina gcónaí agus ar deireadh tógadh Clochar trasna ón scoil in 1970.​

Eagraíodh Bord Bainistíochta a chas lena chéile don chéad uair i mí Bealtaine 1966. I láthair ag an gcéad chruinniú den Bhord bhí an t-Ath. M. I. Mooney, Uachtarán Choláiste Iarfhlatha, Oilibhéar Ó hEidhin Príomhoifigeach Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe agus Breandán Ó Madagáin, Cigire Roinne. Chomh maith leo sin bhí Seán Ó Mathúna agus P. Moloney, státseirbhísigh sinsearacha sa Roinn Oideachais i láthair ag an gcruinniú freisin.

Bhí go leor eile le déanamh fós. Chomh deireanach leis an 27 Lúnasa thuairisc an Connacht Tribune go raibh Príomhoide ceapaithe don scoil nua. Ba é Piaras Ó Conaire a cuireadh i gceannas. Bhí a bhean Bríd ag múineadh inti freisin.

Ar deireadh thiar thall osclaíodh na doirse le cruinniú idir an fhoireann agus an Bord Bainistíochta ar an Luan 12 Meán Fómhair agus cuireadh tús leis an mbliain acadúil an lá ina dhiaidh. Cúig dhuine dhéag a bhí ar an bhfoireann ag an bpointe sin. Bhí bís ar na scoláirí bogadh isteach sa scoil nua ach bhí deacrachtaí fós ag an scoil agus obair roimpi, mar shampla, caitheadh go leor ama ag siúl an chéad bhliain. Bhí muintir na háite fíor-bhródúil as an scoil agus an-tuiscint acu ar chomh nua agus a bhí an córas.

Ansin ar an 28 Samhain 1966 bhí oscailt oifigiúil na scoile nua, cé nach raibh an obair thógála ar fad críochnaithe faoin am sin. Rinneadh ceiliúradh ar an ócáid roimhré le haifreann sa séipéal áitiúil. An tAthair Ó Cuinn, ball foirne, a léigh an t-aifreann. Thíos ag an scoil b`é Ardeaspag Thuama, Seosamh Breathnach, a bheannaigh an ócáid agus an tAire Tionsclaíochta agus Trádála George Colley, Seoirse Ó Colla, a d`oscail í go hoifigiúil. Is i nGaeilge a bhí an searmanas agus óráid Uí Cholla.

Ní aithneodh an chéad dream doirse, fuinneoga ná urláir na scoile. I 1987 bronnadh an clochar ar an scoil agus úsáidtear anois a cuid seomraí mar sheomraí ranga, do chruinnithe agus chun ábhar a stóráil. Tá oifigí ag an gClár Críochnú Scoile sa bhfoirgneamh freisin. Sa mbliain 2015 osclaíodh páirc ar chúl na scoile le cúnamh na dtuismitheoirí, an phobail agus le deontas ón Roinn Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Tá an cosán dearg a rinne na scoláirí go dtí Páirc an Chathánaigh imithe agus pé siúl a dhéanann siad is ar an mbóthar a dhéantar é. I láthair na huaire tá síneadh le cur leis an scoil chun cur ar chumas na scoile freastal níos fearr a dhéanamh ar dhaltaí le riachtanais speisialta. Ach tá go leor mar a bhí fós.Tá an clós fós ar chúl na scoile cé nach mbíonn an trácht céanna anois air. Bíonn scoláirí fós ag suí ar na ballaí agus in aice leis na ceapóga lá gréine.

Samh
24 2022
Scoláirí Lyon na Fraince sa scoil
Samh
28 2022
Peil Sinsir Buachaillí
Noll
01 2022
Peil Sinsir Buachaillí
Noll
01 2022
Oíche Oscailte
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2022 Scoil Chuimsitheach Chiaráin