Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Cuimhní Scoile 1966 - 2016

18-Meitheamh-18
Cuimhní Scoile 1966 - 2016

Connie Mac Donncha, scoláire

Bhí cleachtadh mhór againne ar an bhfuacht, bhíodh na tithe cosúil le iceboxes an t-am sin agus ní cuimhin liom an tseanscoil a bheith ródhona ach ní raibh aon central heating ann ná tada mar é. Ní raibh ann ach outdoor toilets agus ní flush toilets a bhí iontu. Ní raibh aon uisce iontu ná tada. Bhí áthas mór orainn nuair a bhog muid isteach sa Scoil Chuimsitheach. Bhí an scoil go hálainn nua agus na ranganna thar barr ar fad, chuile rud nua, na cathaoireacha agus na boird agus clár dubh breá mór. Ba rud mór é na leithris a bhí thíos sa Scoil Chuimsitheach freisin, bhíodar go hálainn. Bhí an scoil nua go hálainn te agus bhí an t-uafás fuinneoga ann. Sa tsean-mheánscoil ní bheifeá in ann breathnú amach as na fuinneoga, bhíodar ró-ard, ach bhí an t-uafás fuinneoga sa scoil nua. Bhí sé go hálainn a bheith in ann breathnú amach ar na crainnte agus na garanntaí. Chloisfeá na múinteoirí ag rá, ‘Ná bac le bheith ag breathnú amach an fhuinneog,’ an-mhinic.

Mícheál Ó Riain, múinteoir

Nuair a shroich mé an scoil casadh an t-ardmháistir, Piaras Ó Conaire, orm den chéad uair. Ba léir ó thús gur fear uasal séimh, fear a raibh meas aige ar an léann agus ar an gcultúr, a bhí ann. Culaith bhréidín a bhí air. Labhair sé ar bhealach deas réidh i gcanúint Chonamara, nach raibh mise imithe i gcleachtadh uirthi go fóill.

Máire Denvir, iar-scoláire agus iar-mhúinteoir

Nílim cinnte an gcuimhníonn na scoláirí a bhí sa gcarr agam ar an lá a raibh muid ag imirt cispheile in aghaidh Mheánscoil Naomh Pól in Uachtar Ard, ach ní dhéanfaidh mise dearmad le mo bheo air! Bhuaigh muid an cluiche, agus nach iad m’fhoireann a bhí sona sásta ag teacht anuas sa Volks buí ar bhóthar Sheanadh Phéistín tráthnóna Sathairn. An chéad rud eile, bhí an carr ag tarraingt de leathtaobh. An t-ualach sa gcarr, a cheapas! Ach, faraor, ní mar sin a bhí an scéal.

Poll sa mbonn agus dá mbeadh muid ar fad ag iarraidh an roth a athrú ó shin, diabhal cor ná casadh a dhéanfadh sé. Na scoláirí ar bís, máistreás na díospóireachta anois, Máirín Ní Dhomhnaill, istigh ina lár, scairtíl ag Bríd Ní Mháille, Síle Mhaidhcó agus, ar ndóigh, ag an gceann feadhain ar fad orthu, Mairéad Ní Loideáin. Chuile shúil acu uilig go mbeadh muid ag campáil i gcoill Sheanadh Phéistín go maidin Luain. Mise leathscanraithe. Dhá uair an chloig gur tháinig carr eile, fear a scaoil an rotha agus a thug deis bóthair arís dúinn.

Stiofán Ó Flatharta, scoláire

Bhíodh fáil ar an bpáipéar Inniu go rialta ins an scoil. Bhíodh leaid óg darbh Seosamh Ó Cuaig ag dáileadh an pháipéir. Bhí an-suim agam féin ins an bpáipéar. Bhíodh comórtas aistí ann i gcónaí agus thaithnigh sé sin liom. Scríobhfainn aistí go rialta. Le cáiliú don chomórtas náisiúnta, chaithfeá an ceann réigiúnach a bhuachan. D’éirigh liom cáiliú. Tháinig an lá mór agus ba é ábhar an aiste ná ‘Fear ar an nGealach agus Ansin . . . ?’. Chaithfeadh an aiste a bheith curtha chun bealaigh roimh shaoire an tsamhraidh. Bhí muid istigh sa rang i mí Meán Fómhair dár gcionn. Tháinig an múinteoir Seán (Jackie) Ó Gaora isteach agus meangadh gáire air.

‘Comhghairdeachas, a Stiofáin. Tá tú tar éis gradam a fháil ar an aiste a scríobh tú. Bhfuil tú ag iarraidh dul go Baile Átha Cliath?’

D’fhan mé ag teach Jackie an oíche roimhe sin. Chuaigh Seán, a bhean Máire agus mé féin go Baile Átha Cliath i gcomhair an bhronnta in Óstán an Shelbourne. ‘Má tá tú ag iarraidh siúl thart leat féin, feicfidh muid ar ball thú,’ a dúirt Jackie agus Máire liom. D’imigh mé liom féin. An chéad rud eile bhí mé bailithe amú agus ní raibh a fhios agam beo cá raibh an Shelbourne ná cén chaoi le dul ann, ach go raibh mé le bheith ann ag a ceathair. D’fhág mé an siopa agus bhí mé sloigthe suas ag slua daoine; céad rud eile ní raibh a fhios agam cá raibh mé. Tháinig a a haon déag agus bhí chuile shórt togha, dó dhéag, togha uilig. Ansin a haon, thosaigh mé ag éirí scanraithe. Ag a dó bhí anbhá orm. Sa deireadh, chuaigh mé ag na Gardaí. Níl a fhios agam an ndeachaigh mé ann sasquad car nó an bhfuair mé tacsaí.

Mairéad Ní Chualáin, scoláire

Nuair a bhí mé sa Scoil Chuimsitheach, bhíodh orm éirí ag a cúig a chlog ar maidin. Ní bhínn sa mbaile go dtí a seacht. Théinn isteach agus amach as an oileán i gcurach. Thit mé amach as an gcliabhán isteach i mbád. B’in an saol ag an am; ní raibh a fhios againn go raibh saol ar bith eile ann. Thugadh mo Dheaide isteach mé agus bhíodh orm siúl go dtí crosbhóthar Leitir Mealláin ansin agus bus a fháil uaidh sin. Bhraith sé ar cé chomh maith agus a bhí mé dó cá bhfágfadh Deaide mé agus cé mhéad a bheadh le siúl agam go dtí an bus. Bhí aintín liom ar an gCeathrú Rua, ar Inis Mhic Cionnaith. D’fhan mé cúpla uair ansin ach théinn ann le hoíche a chaitheamh ann agus ní bhíteá ag fanacht ann nuair a bhíodh sé garbh. D’fhanainn i dTír an Fhia agus in áiteacha eile in éindí le cairde agus gaolta nuair a bhí an aimsir go dona. Rinne mé é sin bliain nó dhó, ansin d’airigh mo mhuintir gur cheart dom fanacht i dteach i Leitir Mealláin.

Bhí sé iontach a bheith ansin mar bhí mé in ann fanacht sa teach go dtí go bhfaca mé an bus ar maidin. Ach, mar sin féin, bhí sé go maith nuair a bhí mé ag teacht as an oileán freisin. Dá mbeadh drochmhúinteoir agat, nó leisce ort dul isteach ag an scoil, dhéarfá go raibh sé rógharbh agus nach raibh tú in ann dul isteach.

Rinne RTÉ clár faoin turas a bhí agam ar maidin. Féach an t ainm a bhí ar an gclár. Ciarán Muldoon a thug siar ón scoil mé le casadh le Breandán Ó hEithir a chuir faoi agallamh mé. Bhí mise le siúl siar is aniar le mo chás lán le leabhra agus is ansin a rinne siad an filmeáil. Is cuimhneach liom go raibh an aimsir go dona ag an am ach níl a fhios agam an raibh sé pleanáilte go mbeadh an aimsir mar sin nó ar tharla sé gur ag an am sin a rinne siad an filmeáil. Ní fhaca mé an clár le fada an lá. Ní raibh teilifís ar bith againn féin ag an am agus ní fhaca mé ag an am é. Ní raibh aon drogall orm é a dhéanamh mar ní raibh a fhios agam tada níos fearr. Ní raibh aon chaint faoin gclár, dáiríre. Ní raibh ach teilifís amháin i Leitir Mealláin agus is cuimhneach liom nuair a leaindeáil mo dhuine ar an ngealach bhí go leor daoine istigh ann ag breathnú air.

Tomás (Dubh) Mac Con Iomaire, scoláire

Bhíodar ag déanamh go maith sa lúthchleasaíocht ach bhí ar dhuine eicínt éirí as agus bhíodar ag cuartú duine eile le líonadh istreach. Fr Mannion a bhí ag caint liomsa faoi theacht agus tosaí ag traenáil cúpla seachtain roimh an rás. Ní raibh mise ag dul siar ag traenáil rómhinic, ach cheap mé go raibh mé maith go leor, mar bhí test mór déanta agam roimhe sin. Bhí éacht déanta agam, mar a cheapas.

Bhí mé amuigh i Seanadh Mhacha ag plé le móin. Bhí an t-asal a bhí againne fiáin, óg, mór agus láidir. Nuair a théadh sé faoin gcarr, go bhfóire Dia orainn, shílfeá go raibh an carr turbo charged. Bhí sé ar cosa in airde i gcónaí. Bhí sé deacair smacht a choinneáil air, gan dabht. Bhí sé feistithe agam agus réidh le cur faoin gcarr ach lig mé uaim ar feadh soicind é agus d’imigh sé uaim ar cosa in airde agus lean mé dó trasnaan chriathraigh.

Bhí sé dhá mhíle nó dhá mhíle go leith go dtí an baile. Bhí mé féin ar cosa in airde bhí mé gar dó an bealach uilig síos agus chuir sé sin díocas orm, ach níor rug mé air go raibh mé fíorghar don bhaile. Bhí mé tugtha ach bhí mé olc agus níor thug mé mórán aird ar a bheith tuirseach. Ní dheachaigh mé isteach abhaile – bhuail mé air agus suas liom arís agus bhain mé torann as ar an mbealach suas. Ní dhearna mé go maith sa rás, agus ní dhearna mé aon mhaitheas don fhoireann. Ní raibh tuiscint ar bith agamsa ar cross country. Thriail mé coinneáil leis na leaids a bhí chun tosaigh. D’imigh mé i mo chuaifeach agus ní raibh mé in ann é a choinneáil suas. Fuair méspike sa gcos freisin agus mé cosnochta, rud nár chabhraigh liom.

Hilaraí Nic Cába, scoláire

Chuaigh muid go dtí an Fhrainc faoi Cháisc 1975. Chuaigh mé ann agus bhí Máire Ní Lochlainn in éindí liom agus Áine Ní Chualáin. Bhíodh Máire ag damhsa liom. Bhí Áine sa mbliain chéanna liom. Bhí Síle Mhaidhco agus Mairéad Griffin ann freisin. Is iad na cuimhní is mó atá agam ar an turas sin ná an tinneas farraige ag dul anonn ar an mbád. Tháinig drochstoirm an oíche sin. B’in é an chéad uair go raibh mé thar sáile. Chuaigh an Louvre i bhfeidhm go mór orm agus an Arc de Triomhpe. Ní fhaca mise tada chomh fada, ná chomh leathan leis riamh. Tá mé in ann an chéadcafé au lait a bhlaiseadh ar mo bhéal fós. Bhí an oiread tionchair ag an turas sin orm. Níl a fhios cé chomh minic agus a chuaigh mé ar ais go Párás ina dhiaidh sin. Bhí sé iontach go ndearna na múinteoirí é, ní mórán scoileanna a bhíodh á dhéanamh. Ní amháin ag am scoile a rinne siad é ach rinne siad faoi Cháisc é. Fiú anois,an pictiúr a sheasann amach i m’intinn ná na gairdíní sa Louvre. Ní raibh mise ag déanamh Fraincise ach do dhuine ar bith a bhí á déanamh bhí an turas go hiontach. Fiú domsa, bhí sé iontach mar gheall ar an ealaín.

Pádraic Ó Conaire, scoláire

Ní fear mór leabhra a bhí ionam ach cheapfainn nár chaill mé lá ar bith sa scoil. Bhí sí go hálainn. Thug na múinteoirí céad faoin gcéad dá gcuid gasúir. Má bhí tú ag iarraidh é a dhéanamh bhí chuile chúnamh ar fáil duit.

Mícheál S. Mac Donncha, scoláire

Tháinig lá an scrúdú iontrála agus go tobann bhí mé agus an ceathrar eile as mo scoil ag seasamh i bhfoirgneamh mór le neart doirse agus fuinneoga agus staighre. Staighre i scoil – a leithéid! Caithfear cuimhniú go raibh muid ag teacht as scoil bheag le dhá sheomra, dhá dhoras (ceann nach raibh ag oscailt) agus scata an-bheag scoláirí. Go tobann bhí muid istigh sa halla mór le grúpa mór daoine óga ar comhaois linn féin. Ag an am sin ní raibh an oiread deiseanna ann aithne a chur ar dhaoine óga taobh amuigh de do scoil féin. Ach mhair muid an lá sin agus ansin tháinig deireadh le saol na bunscolaíochta.

Philomena Ní Fhlatharta, scoláire

Ní raibh mé ar eitleán roimhe sin, mo chéad uair. Ní raibh sé sin ráite le héinne agam ag an am! Ní cheapfainn go raibh sé d’airgead ag mórán daoine a dhul ar saoire an t-am sin. Bhí bís orm dul ann, dul anon go Peru, na cluichí a imirt. Bhí fadhbanna polaitíochta sa tír ag an am ach, i ndáiríre, ba chuma liom fúthu, ach a dhul anonn is na cluichí a imirt. Bhí na blianta caite agam ag imirt sa ngarraí agus is beag a cheap muid riamh go gcríochnódh muid ag imirt d’fhoireann na hÉireann ag Corn Domhanda. Chonaic me foireann na hÉireann ag imirt i 1990 agus ’94 agus d’airigh tú cineál cosúil leo sa gcaoi is go raibh muid kitáilte amach leis na jerseys agus na tracksuits agus muid uilig mar a chéile. Tá na jerseys fós agam ach ní chaithim iad. Ní cheapfainn gur thuig mé ag an am an deis a bhí ann. Dhúinne bhí sé speisialta dul ann le grúpa daoine lena mbíodh muid ag traenáil, ar scoil leo, an oiread seo cluichí imithe agat leo.

Cormac Ó hEadhra, scoláire

Is fíor faoi Scoil Chuimsitheach Chiaráin an méid a deirtear faoi eagraíocht ar bith – na daoine a chuir croí agus anam san áit. Agus ba dheacair iad ar fad a shárú i mo thréimhse-se sa scoil.

Niamh Ní Chonchubhair, scoláire

Bhí an t-ádh orm go raibh an seans agam a bheith mar pháirt den fhoireann díospóireachta sa scoil, áit ar fhoghlaim mé cén chaoi le hóráid a thabhairt os ard os comhair slua daoine – rud a chabhraíonn liom go mór anois agus mé ag déanamh cur i láthair agus ag scríobh aistí Gaeilge san ollscoil.

Maitiú Ó Domhnaill, scoláire

Tá sé deacair é a chur isteach i bhfocail ach cinnte ba é Grease an rud is fearr a rinne mé ó thosaigh mé an scoil seo . . . Taithí iontach nach ndéanfaidh mé dearmad air go brách. An bualadh bos mór millteach a fuaireamar ón lucht féachana agus iad ag éirí ona gcuid cathaoireacha ag deireadh an seó agus duine i ndiadh duine ag iarraidh síniúcháin uaim ag deireadh an tseó, ní fhágfaidh an dá rud seo m’intinn go deo.

Róisín Ní Neachtain, scoláire

Tá a fhios agam dhá mbeadh tada ag cur as dom riamh, go mbeadh na cairde atá déanta agam anseo i Scoil Chuimsitheach Chiaráin á m’fháiltiú isteach lena gcuid lámha oscailte.

Tá leabhar de chuimhní agus de phictiúir a bhaineann leis an scoil le fáil ag an nasc seo a leanas:

https://www.cic.ie/books/published-books/scoil-chuimsitheach-chiarain-caoga-bliain-ag-fas

Aib
26 2024
Sparánacht Chuimhneacháin PJ Mac Donnacha
Aib
29 2024
Turas Scoile Bhliain 5
Aib
29 2024
Lá Blaiseadh Rang 6
Aib
30 2024
Scrúduithe Praiticiúla Innealtóireachta
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Chuimsitheach Chiaráin