Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Réamhfhocal ón bPríomhoide

18-Meitheamh-18

Mar thuismitheoir mé féin, teastaíonn uaimse an deis is fearr a thabhairt do mo chlann.

principal.jpg

Sa scoil s’againne is féidir le daltaí fás agus foghlaim i dtimpeallacht shona sábháilte. Is mian linn freastal go cothrom ar gach dalta de réir a gcumais agus a riachtanais. Cuireann muid rogha cuimsitheach ábhair ar fáil ins na ranganna sóisearacha agus sna ranganna sinsearacha. Cruthaítear nasc láidir ciallmhar san Idirbhliain chun cabhrú le daltaí réiteach do scrúdú dúshlánach na hArdteistiméireachta. Is údar bróid dúinn ár gclár tacaíochta foghlamtha atá fite fuaite leis an gcuraclam.

Tá an scoil ag oibriú ar son leasa an phobail, áit a bhfuil fonn foghlama ar na daltaí, fonn oibre ar an bhfoireann i bpáirt lenár gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí. Tá sé mar aidhm leanúnach againn an scoil a bheith lárnach sa phobal agus go láidir i gcroí an phobail.

Tugann cuairteoirí chun na scoile suntas do chúirtéis ár gcuid daltaí agus dá mbród as an scoil, bród a chuidíonn go mór linn cultúr dearfach scoile a chruthú. Tá gaol láidir ag imeachtaí seach-churaclam na scoile leis an obair dheonach atá ar siúl ins na paróistí agus is díol suntais an líon múinteoirí agus tuismitheoirí a thugann a gcuid ama go fial flaithiúil chun imeachtaí seach-churaclam na scoile a áisiú chomh maith le tacú linn ar go leor bealaí eile.

Sa bhreis ar oideachas d'ard chaighdeán a bhaint amach más spéis leat an pheil, rugbaí, cispheil, lúthchleasaíocht, díospóireacht , drámaíocht, dul ar stáitse i gceoldráma, a bheith páirteach sa chóir, cáilíocht a bhaint amach sa seoltóireacht nó a dhul ar mhalartú chun na Fraince, tá tú sa scoil cheart.

Seán Mac Donncha

Aib
16 2024
Turas Scoile na hIdirbhliana
Aib
19 2024
Scoil Dúnta - Lá Inseirbhíse ag Múinteoirí
Aib
22 2024
Clár Vacsaínithe Bhliain 1
Aib
23 2024
Ard-Fheis na nÓg
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Chuimsitheach Chiaráin