Reáchtáladh ócáid ghairme sa scoil ar an Déardaoin 17 Eanáir 2019. Thapaigh scoláirí na scoile an deis blaiseadh a fháil de ghairmeacha agus de cheirdeanna éagsúla. Thug an ócáid deis do scoláirí na scoile fócasú ar a ngairm bheatha féin. D’fhreastail tuismitheoirí agus caomhnóirí na scoile ar an ócáid chomh maith.
Bhí ós cionn 40 seastán ar taispeántas ag eagrais agus ag institiúidí éagsúla ó Shaol an Oideachais, na Fórsaí Slándála, réimse na Folláine, an Saol Chultúrtha & go leor eile. Bhí gairmeacha beatha i Saol na Gaeilge lárnach le linn na hócáide.
Bhaineamar an-tairbhe agus sásamh as an ócáid.
Ócáid Ghairme
Ócáid Ghairme Comhfhreagras do Thuistí
Ócáid Ghairme SCC - Nuacht TG4