Cuireadh fáilte mhór roimh scoláirí Lyon na Fraince a bhí sa scoil linn ar feadh na seachtaine. Eagraíodh ranganna, ceardlanna, ceolchoirm agus turais dhóibh le linn na cuairte. Rachaidh scoláirí ón Idirbhliain agus ón gcúigiú bliain go Lyon sa mbliain nua.