Comhghairdeas le ceoltóirí SCC a ghlac páirt i gcomórtas Scléip Gael Linn i dTaibhdhearc na Gaillimhe inniu. Beidh Córa de Buitléar 2B, Eoin Ó Cadhain 2A, Ailbhe Seoighe 5C agus banna na hArdteiste “Seolta” ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn. Tá muid an-bhródúil as chuile scoláire a ghlac páirt ann!