Bhí na scoláirí Idirbhliana, Saoirse Nic Con Riogh, Aisling Ní Ghríofa, Tadhg Mac Donnacha, Caoimhe Ní Chuinn, Neans Nic Dhonncha, Ciarán Ó Conaire agus Jeaic Ó Gríofa i mbun oibre an tseachtain seo ar a gcuid scileanna raidió agus podchraolta a fhorbairt. Ba iad Ciarán Ó Fátharta agus Feidhlim Ó Cualáin a bhí i bun na ceardlainne leo i gcaitheamh na seachtaine.