Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Neasa Mhic Dhonncha

18-Meitheamh-23
Neasa Mhic Dhonncha
Táimid uilig ag cuimhniú inniu ar ár gcomhghleacaí lách, speisialta Neasa Mhic Dhonncha atá imithe uainn ar shlí na fírinne. Leag Neasa béim faoi leith ar leas agus dul chun cinn scoláirí na scoile i mbun a cuid oibre i Scoil Chuimsitheach Chiaráin mar mhúinteoir Matamaitice agus Eolaíochta agus freisin ina ról mar chuid de bhainistíocht na scoile. Tá lorg a láimhe fágtha ag Neasa ar cuid mhaith d’obair na scoile ó chuir sí tús lena cuid oibre sa scoil sa bhliain 1997.
Rinne sí ceangal idir an scoil agus an pobal ar bhealaí praiticiúla agus thug sí léi na daltaí, a comhghleacaithe, tuismitheoirí agus an pobal trí chéile i gcaitheamh na tréimhse sin lena díograis, a misneach agus a spiorad. Bhí an sár-jab a rinne sí chun tairbhe chuile dhuine. Is sa seomra ranga a leag sí bunchloch na hoibre ar fad agus chothaigh sí muinín i measc a cuid daltaí trína cur amach ar churaclam na hArdteistiméireachta sa Mhata agus san Eolaíocht bliain i ndiaidh bliana. Is le ranganna sinsearacha na hArdteistiméireachta is mó a bhí a cuid ama caite ó thaobh an teagaisc de le blianta anois agus í i mbun ranganna Mata agus Fisic/Ceimic. Bhuail sí faoin obair sin le fonn agus fuinneamh agus ghríosaigh sí chuile ógánach a bhí faoina cúram. Chuir sí aithne den scoth agus spéis sna daltaí a bhí aici agus mhúnlaigh sí a cuid múinteoireachta chun freastal orthu ar an mbealach ab fhearr a d’fheil dhóibh. I gcroílár na hoibre sin bhí an t-aiseolas dearfach, fiúntach agus an chomhairle chun barr feabhais a bhaint amach ar fáil de shíor uaithi. Bhí dílseacht agus iontaoibh le tabhairt faoi deara go soiléir idir í agus a cuid daltaí gan eiseacht. Ba é an meon a bhí aici machnamh a dhéanamh ar a cuid múinteoireachta de shíor rud a chabhraigh léi gaol speisialta a chothú le gach rang faoina cúram.
Chuidigh an meas a bhí ag a cuid daltaí ar Neasa mar mhúinteoir léi forbairt a dhéanamh ar ghnéithe eile de shaol na scoile. Bhí sí ceannródaíoch agus cróga chun cur leis an mbród a bhain le saol na scoile i gcur chun cinn Pheil na mBan, cúrsaí rugbaí agus ar ndóigh ceoldráma bliantúil na hIdirbhliana a bhfuil cáil agus áit faoi leith aige i bhféilire na scoile. Thuig sí an tábhacht a bhain le pleanáil go críochnúil chun eispéireas d’ardchaighdeán a chruthú chun cabhrú leis na daltaí an tairbhe agus an taitneamh is fearr a bhaint as a gcuid ama i Scoil Chuimsitheach Chiaráin. D’oibrigh sí ar a míle dícheall agus chruthaigh sí misneach ina comhghleacaithe, le baill de chumainn áitiúla agus eagrais éagsúla chun an toradh is fearr a bhaint amach i chuile thogra a chur sí chun cinn nó araibh láimh aici ann. Nuair a tháinig dúshláin sa mbealach níor loic ar a misneach an ceann is fearr a fháil orthu agus bogadh chun cinn in athuair.
Ghlac Neasa le freagracht gan stró agus bhí toradh fiúntach le brath ar a cuid oibre ó thaobh na ceannasaíochta sa scoil freisin. Léirigh sí an scil sin i mbeartú agus i bpleanáil Clár na hIdirbhliana sa bhliain 2009. Rinne sí taighde leathan agus teagmháil le greasáin oideachais go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta chun clár leathan taitneamhach a chur ar fáil sa scoil. D’fhág a cuid oibre ar chlár na hIdirbhliana lorg ní hamháin ar an Idirbhliain féin ach freisin ar na daltaí agus iad i mbun a gcuid staidéir sna blianta sinsearacha ina dhiaidh sin. Chruthaigh sí atmaisféar cairdis agus foghlamtha atá leabaithe i gcroílár na scoile, atmaisféar a dtugtar suntas dó de shíor.
Is údar bróid dúinn ar fad as ar bhain sí amach mar oideachasóir den scoth agus mar oibrí a chruthaigh nascanna agus deiseanna do phobal ógánaigh nach ndéanfaidh dearmad uirthi choíche.
Déanann muid comhbhrón lena fear céile Colm a clann Stiofán, Marcus agus Anna, lena hathair Sonny, a deirfiúr Máirín agus a cuid deartháireacha Noel agus Eamonn, a gaolta agus a cairde ar fad.
Ar dheis Dé go raibh a hanam.
Bealt
09 2025
Lá Scipeála Folláine
Bealt
13 2025
Turas go hÁrainn
Bealt
16 2025
Aifreann na hArdteiste
Bealt
22 2025
Oíche Cheiliúrtha na hIdirbhliana
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2025 Scoil Chuimsitheach Chiaráin