Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Litir Abhaile 7.1.2021

07-Eanáir-21

7 Eanáir 2021

A Chairde,

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil slán sabháilte na laethanta seo! Táimid ag déanamh ár ndícheall i láthair na huaire freastal iomlán a dhéanamh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus an t-eolas cuí ar fad a bhailiú. Fanfar i dteagmháil libh agus déanfar uasdátú rialta de réir mar is gá.

Clár Ama:

Mhíníomar sa chomhfhreagras is déanaí maidir le hathoscailt agus cúrsaí cianfhoglama go raibh clár ama malartach réitithe againn le freastal ar an gcianfhoghlaim. I bhfianaise an fhógra ón rialtas tráthnóna inné, áfach is gá dúinn athfhilleadh ar seo agus na leasuithe cuí a dhéanamh le cinntiú gur féidir freastal ar chuile dhuine. Tá an fógra is déanaí ón rialtas á phlé ag na páirtithe leasmhara i láthair na huaire agus cuirfear an clár ama seo chugaibh thar an deireadh seachtaine ar a dhéanaí.

Microsoft 365:

Tá sé mar aidhm againn na daltaí a choinneál gníomhach i rith na tréimhse seo ag glacadh san áireamh an méid a d’fhoghlaim muid le linn na tréimhse ag deireadh na bliana seo caite. Beidh rolla á ghlacadh ag múinteoirí le haghaidh na ranganna ar fad mar sin iarrann muid oraibh cabhrú le do mhac/iníon cloí leis an glár ama a sheolfar amach. Le linn na tréimhse cianfhoghlama beidh réimse modhanna teagaisc agus oibre in úsáid ag múinteoirí ag baint leas as an bhfeidhmchlár Microsoft 365. Ar ndóigh tuigeann muid go mbeidh deacrachtaí ó am go chéile agus ní theastaíonn uainn go mbeidh duine ar bith faoi bhrú le linn na seachtainí atá romhainn, ní theastaíonn uainn ach go ndéanfaidh chuile dhuine iarracht mhacánta. Is é an príomh-chuspóir atá againn ná go mbeidh teagmháil rialta ag daltaí lena gcuid múinteoirí agus go mbeidh patrún oibre ag chuile dhuine atá réadúil agus tairbheach dóibh féin. Iarrann muid oraibh freisin a chinntiú go bhfuil Teams agus Office 365 ag feidhmiú mar ba chóir dod mhac/iníon. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Loyola loyolageragthy@scoilcc.ie sa chás go bhfuil aon fhadhbanna le seo.

Trealamh Ríomhaireachta ar iasacht

D’fhéadfadh go bhfuil teorainn leis an méid trealaimh ríomhaireachta atá ar fáil ag an am chéanna go mór mhór má tá níos mó ná duine amháin sa chlann. Dá bhrí sin táimid chun líon teoranta ríomhairí glúine atá againn sa scoil a thabhairt ar iasacht má tá gá ag daltaí leis. Seol ríomhphost chuig Loyola ag loyolageragthy@scoilcc.ie más spéis leat an scéim seo.

Creid é nó ná creid is féidir ceangal leis an gcntas microsoft ar an playstation freisin de réir cosúlachta.

Leabhair agus ábhar eile a bhailiú.

Tabharfar deis do dhaltaí a bhfuil trealamh agus leabhair fágtha sa scoil acu iad a bhailiú ar an Aoine. Is gá ríomhphost a sheoladh chuig scoilcc@eircom.net roimhré agus síniú isteach ag an bPríomhdhoras. Is gá clói go docht leis na prótacail agus na treoracha faoi mar atá siad leagtha síos agus gan aon mhoill a dhéanamh ar láthair na scoile. Beidh Siobhán Ní Loideáin ar fáil chun cabhrú agus maoirsiú a dhéanamh de réir mar is gá.

Beartas Cianfhoghlama Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Mar eolas, is féidir teacht ar Bheartas Cianfhoghlama na scoile tríd an nasc seo.

Is mise le meas,

Seán Mac Donncha

Aib
26 2024
Scrúduithe Praiticiúla Ceoil
Aib
26 2024
Scrúduithe Praiticiúla Ealaíne
Aib
26 2024
Ceardlann Grianghrafadóireachta
Aib
26 2024
Sparánacht Chuimhneacháin PJ Mac Donnacha
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Chuimsitheach Chiaráin