Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Lá Folláine Bhliain 6

03-Feabhra-22
Lá Folláine Bhliain 6

Lá Folláine Bhliain 6 4/2/2022 9.05 - 1.45

Is é seo a leanas amchlár an lae:

Aireachas - Mali Uí Chlochartaigh
Beidh Mali ag taispeáint bealaí éagsúla agus simplí do na scoláirí le aire a thabhairt dhóibh féin chun a n-intinn agus a gcorp a shuaimhniú.
Pot Luck Cócaireacht - Caoimhe de Búrca / Bríd Ní Labhradha
Céard a bheas agam don dinnéar? Beidh na scoláirí ag réiteach béile blasta as comhábhair atá sa gcistin le Caoimhe agus Bríd.
Spioradáltacht - Siobhán Uí Loideáin
Beidh Siobhán ag déanamh ciúin-machnamh agus guí chun ligean leis an imní agus strus atá orthu.
Sláinte Fhisiciúil - Loyola Nic Oireachtaigh / Martin Ó Conghaile
Aclaíocht fhisiciúil chun críoch a chur leis an lá - Zumba agus Sacar.

Is deis iontach é seo do na scoláirí aire a thabhairt dá sláinte inchinne agus coirp ar bhealach compordach agus sábháilte mar sin tá sé tábhachtach go bhfreastalódh gach scoláire i mbliain 6 ar na ceardlanna amárach.

Clárama an lae

Lún
21 2025
Lá Pleanála don Fhoireann
Lún
22 2025
Bliain 1 ar scoil
Lún
25 2025
Bliain 1, 3, 5 agus 6
Lún
26 2025
Bliain 1, 2, 3, 4, 5, 6 agus ATF
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2025 Scoil Chuimsitheach Chiaráin