Lá Folláine Bhliain 5 11/3/2022 9.05 - 1.45
Is é seo a leanas amchlár an lae:
Aireachas - Mali Uí Chlochartaigh
Beidh Mali ag taispeáint bealaí éagsúla agus simplí do na scoláirí le aire a thabhairt dhóibh féin chun a n-intinn agus a gcorp a shuaimhniú.
Ealaín - Diarmuid Puirséil
Seisiún cruthaitheachta san ealaín.
Ceol - Sheona Ní Mháille
Beidh Sheona ag déanamh ceardlann ceoil leis na scoláirí ag úsáid na huirlisí atá acu.
Sláinte Fhisiciúil - Loyola Nic Oireachtaigh / Zumba le Bernie
Aclaíocht fhisiciúil i rith an lae - Zumba agus Sacar.
Is deis iontach é seo do na scoláirí aire a thabhairt dá sláinte inchinne agus coirp ar bhealach compordach agus sábháilte mar sin tá sé tábhachtach go bhfreastalódh gach scoláire i mbliain 5 ar na ceardlanna amárach.