Comhghairdeachas le buachaillí na dara bhliana a bhuaigh Corn Chuimhneacháin Mhichíl Uí Loideáin ar an gCeathrú Rua inné. B'é Kian Mac Donnacha captaen na foirne. Bhuail siad Coláiste an Chláirín sa gcluiche ceannais tar éis dhóibh Coláiste na Coiribe a bhualadh sa gcluiche leathcheannais.