Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Athoscailt na Scoile 1.3.2021

26-Feabhra-21

Uasdátú faoi athoscailt don Luan 1 Márta 2021

A Chairde,

Faoi mar atá ar eolas agaibh faoin dtráth seo, tá roinnt soiléireachta faighte againn faoin gcuid eile den scoilbhliain.

Seo a leanas na dátaí tábhachtacha:

Dátaí

Bliainghrúpaí

1 Márta 2021

Daltaí Ardteiste ar ais ar scoil

15 Márta 2021

Bliain 5 ar ais ar scoil

12 Aibreán 2021

Gach bliain ghrúpa eile ar ais ar scoil

De réir an aiseolais atá bailithe againn ón 11 Eanáir léiríodh leibhéal ard sástachta leis an leagan amach a bhí ag an scoil ar chlár ama na ranganna ar líne. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le tuismitheoirí agus daltaí a ghlac an t-am na ceistneoirí a líonadh.

Gan dul i bhfad scéil leis, cuimsíonn na samplaí thíos as an líon mhór ráitis na tuairimí atá léirithe ag tuismitheoirí i leith na scoile. Is ardú croí don fhoireann scoile ina iomláine an t-aiseolas eiseamláireach seo.

“Tá na ranganna ar líne ag tabhairt struchtúir don lá go mo mhac. Tá sé ag feiceáil a chairde sna ranganna agus ag déanamh obair bhaile. Tá tacaíocht bhreá dhá thabhairt dhó ó na múinteoirí.”

“Tá cumarsáid éifeachtach i bhfeidhm idir mo ghasúr agus na múinteoirí atá aicí ó thaobh an méid oibre atá le déanamh aici don Ardteist. Tá sí an-sásta leis an gclár ama atá aici le linn na tréimhse cianfhoghlama.

Tá mé fhéin sásta leis an méid comhfhreagras atá ag teacht ón scoil freisin.”

Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, táimid chun cloí leis an gclár ama atá i bhfeidhm ón 11 Eanáir sa ghearr thréimhse agus coinneoimid ar an eolas sibh de réir mar a thagann tuilleadh eolais inár mbealach.

Rang na hArdteistiméireachta 2021

Filleadh daltaí na hArdteiste ar scoil ar an Luan 1 Márta 2021. Tá sé riachtanach cloí go docht daingean leis na treoracha sláinte poiblí chun an tréimhse atá romhainn a bheith chomh tairbheach, taitneamhach agus sábháilte don phobal scoile uilig. Tá foirm roimh fhilleadh ar scoil roinnte go leictreonach le rang na hArdteiste ar an ríomhphost scoile. Caithfear an fhoirm sin a bheith líonta roimh fhilleadh ar an Luan.

Ardteistiméireacht 2021

Beidh rogha ag na daltaí, na scrúduithe a dhéanmah i Mí an Mheithimh mar is gnáth nó grádanna measta a fháil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit bunaithe ar fhaisnéis a chuirfear ar fáil ón scoil, nó clárú don dá rogha. Osclóidh tairseach chun cur ar chumas na ndaltaí a rogha a dhéanamh ar an 8 Márta 2021. Tabharfar breis comhairle agus eolais do na daltaí i rith na seachtaine seo chugainn faoin bpróiseas sin. Ciallaíonn sé seo gur é seo an chéad uair a bhfuil cúltaca ag daltaí ó thaobh scrúdú na hArdteistiméireachta de. Molaim do dhaltaí clárú don dá rogha toisc go bhfuil sé tugtha le fios ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go bhfaighidh na daltaí an toradh is fearr den phéire i Mí Lúnasa.

Beidh an tseirbhís bus ar fáil mar is gnáth ón Luan 1 Márta. Is faoiseamh dúinn ar fad go bhfuil tús á chur le hathoscailt scoileanna agus tá dualgas orainn ar fad ár míle dícheall a dhéanamh cloí leis na treoracha sláinte poiblí as seo go dtí deireadh na scoilbhliana.

Go raibh maith agaibh as bhur gcomhoibriú leanúnach.

Míle buíochas,

Seán Mac Donncha

Aib
26 2024
Scrúduithe Praiticiúla Ceoil
Aib
26 2024
Scrúduithe Praiticiúla Ealaíne
Aib
26 2024
Ceardlann Grianghrafadóireachta
Aib
26 2024
Sparánacht Chuimhneacháin PJ Mac Donnacha
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Scoil Chuimsitheach Chiaráin,
An Cheathrú Rua,
Co Na Gaillimhe,
Ireland

091 595 215


Suíomh / Location
© 2024 Scoil Chuimsitheach Chiaráin