Uasdátú faoi athoscailt do dhaltaí bhliain 5 agus an ATF 15 Márta 2021
A Chairde,
Tá éirithe go maith leis an athoscailt do dhaltaí Ardteiste ón gcéad lá de Mhárta. Shocraigh said isteach go maith agus tá an-iarracht déanta acu cloí le socruithe a bhaineann leis an gcomhairle sláinte poiblí.
Faoi mar a thuairisic muid níos túisce d’éirigh thar barr leis na ranganna ar líne agus na ranganna uair an chloig. Dá bhrí sin táimid chun leanacht ar aghaidh leis an leagan amach céanna go dtí saoire na Cásca.
Daltaí bhliain 5 agus an ATF
Fillfidh daltaí bhliain 5 agus an ATF ar scoil ar an Luan 15 Márta 2021. Tá sé riachtanach cloí go docht daingean leis na treoracha sláinte poiblí ionas go mbeidh an tréimhse atá romhainn tairbheach, taitneamhach agus sábháilte don phobal scoile uilig. Tá foirm roimh fhilleadh ar scoil ceangailte leis na ríomhphost seo. Is féidir an fhoirm a líonadh go leictreonach nó an fhoirm a íoslódáil agus a chur isteach le do mhac/iníon ar an Luan seo chugainn.
Chun cabhrú linn na seomraí a ghlanadh iarrtar ar dhaltaí a gcuid leabhair, cóipleabhair agus trealamh scoile a thabhairt abhaile gach tráthnóna. Tá an cur chuige seo ag oibriú go maith le daltaí na hArdteiste i láthair na huaire. Ciallaíonn sé go gcaithfidh daltaí a gcuid málaí a phacáil go cúramach agus ábhar ranga don lá a thabhairt leo ar scoil.
Beidh tionóil ag bliain 5 agus an ATF ar an Aoine chun labhairt leo faoin athoscailt ag 10r.n. chun eolas a roinnt leo agus iad a chur ar a gcompord faoin athoscailt. Seolfar nasc ar TEAMS chuig na daltaí ina thaobh seo, tá fáilte roimh thuismitheoirí a bheith ag an gcur i láthair freisin. Tá achoimre ar na treoracha sláinte ar fáil ar chúl na litreach seo.
Ná dearmad an fhoirm roimh fhilleadh ar an scoil a líonadh.
Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht leanúnach.
Míle Buíochas
Seán Mac Donncha
Treoir do phobal scoile SCC
Glaineacht
|
· Nigh do lámha go minic
· Caith Masc aghaidh
· Glan boird agus cathaoireacha roimh agus i ndiaidh ranga
|
Céard a theastaíonn uait
|
· Masc
· Mála wipes (pearsanta)
· Díghalarán láimhe
· Uisce le hól
|
Grúpaí/ranganna
|
· Fan le do ghrúpa ranga
· Cinntigh scaradh sóisialta
· Ná roinn trealamh
|
Obair scoile
|
· Tabhair leat na leabhair/cóipleabhair don lá
· Úsáid Microsoft 365
· BOYD
|
Taisteal
|
· Úsáid an rothar nó siúl ar scoil más féidir
· Níl cead isteach sa scoil ag tusimitheoirí
· Déan do bhealach chuig do rang ag 8.55
· Bí in am!!
|
Bíodh na Comharthaí Covid-19 ar eolas agat!!
|
· Teocht ard
· Casacht
· Gearranáil nó deacrachtaí anála
· Cailliúint bolaidh, blaiste nó saobhadh blaiste
|
Timpeallacht na scoile
|
· Níl aon taisceadáin in úsáid
· Doras faoi leith in úsáid (Cosc iomlán ar dóirsí eile a úsáid)
· Ná bailigh i ngrúpaí
|
Gluaiseacht idir ranganna
|
· Lean na saighid
· Caith do mhasc istigh sa scoil i gcónaí
|