Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Coiste na dTuismitheoirí

19-Iúil-18
Coiste na dTuismitheoirí

Tugann Coiste na dTuismitheoirí i SCC tacaíocht luachmhar do phobal na scoile seo sna réimsí seo a leanas:

  • Forbairt beartais scoile.

  • Aiseolas chuig SCC maidir le nithe ábhartha eile i saol na scoile.

Tá Coiste na dTuismitheoirí gníomhach i SCC agus ghlac an coiste ról lárnach le blianta fada anuas i gcúrsaí forbartha na scoile. I measc na nithe a raibh Coiste na dTuismitheoirí lárnach iontu bhí:

  • Éide scoile a bheith ar fáil sa scoil

  • Forbairt na páirce.

Tacaíonn an Coiste leis an scoil timpeallacht fholláin a chothú do dhaltaí na scoile.

Déanann an Coiste moltaí agus tuairimí thuismitheoirí na scoile a chur ós comhair Bhainistíocht na Scoile. Eagraíonn Coiste na dTuismitheoirí ócáidí & imeachtaí shóisialta chomh maith le feachtais bailiúcháin airgid chun leasa na scoile. Eagraítear cruinniú cinn bhliana ag tús chuile scoilbhliain áit a roghnaítear coiste úrnua.

No events found
© 2026 Scoil Chuimsitheach Chiaráin