Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Oscailt Oifigiúil Shíneadh Nua na Scoile

19-Bealtaine-26
Oscailt Oifigiúil Shíneadh Nua na Scoile

Thug an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton T.D., cuairt ar an scoil inné leis an síneadh nua a oscailt go hoifigiúil. Thug sí cuairt ar na seomraí éagsúla sa bhfoirgneamh nua agus fuair sí léargas d'obair na scoile ó thaispeántais a bhí réitithe ag na scoláirí. Nochtadh saothar ealaíne in onóir iarmhúinteoir na scoile, Neasa Mhic Dhonncha agus ár mbuíochas leis an Máistir ealaíne, Diarmuid Puirséil, a tháinig aníos leis an gcoincheap dó. Bheannaigh an tAthair Hugh Loftus an foirgneamh nua. Thug an tAire cuairt ar an leabharlann nua chomh maith leis an rang Suaimhneas sular chas sí le pobal na scoile sa halla.

DFómh
15 2026
F16 F19 Cispheil Buachaillí
DFómh
16 2026
5K SCC
DFómh
19 2026
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain
DFómh
21 2026
Idirbhliain - Ceardlann Bodhráin
© 2026 Scoil Chuimsitheach Chiaráin