Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Cubbie - Áis Nua Céadfach

04-Meán Fómhair-24
Cubbie - Áis Nua Céadfach

Thug Stephen Loftus cuairt ar an scoil inniu chun oiliúint a chur ar mhúinteoirí chun an Cubbie a úsáid. Is áis céadfach é an Cubbie chun folláine agus caighdeán na beatha a chothú i measc phobal na scoile. Níl aon Cubbie eile in Iarthar na Gaillimhe. Roghnaíodh an scoil le maoiniú €10,000 a fháil mar chuid de chiste pobail Chomhair Creidmheasa Cholmcille ag tús an tsamhraidh. Ár mbuíochas leo a chabhraigh linn an Cubbie a fháil.

Beal
18 2026
Cuairt an Aire Oideachais
Beal
22 2026
Lá Spóirt
Beal
25 2026
Scrúduithe an tsamhraidh
© 2026 Scoil Chuimsitheach Chiaráin